Search courses

Cén cúrsa staidéir ba mhaith leat?

content

Campais agus pobail

Táimid bródúil as ár n-áit uathúil agus fréamhacha doimhne inár bpobail. Fágann sin go bhfuil baint níos dlúithe ag ár dteagasc agus ár dtaighde lena riachtanais.

Tá solúbthacht agus éagsúlacht ár gcomhpháirtíochta i measc na láidreachtaí is mó atá againn agus cuireann siad ar ár gcumas foghlaim thacaithe a sholáthar ó leibhéal rochtana nó iontrála go leibhéal na ndochtúireachtaí.

Gheobhaidh tú muid ar fud na Gàidhealtachd agus na nOileán, Moireibh agus Siorrachd Pheáirt agus ar-líne ón áit is feiliúnaí duit le staidéar a dhéanamh.

UHI West Highland, Fort William campus
content

Is iomaí clár teagaisc céime atá againn: teagasc duine le duine, teagasc físbhunaithe, staidéar féinstiúrtha, agus seisiúin scileanna cliniciúla le hothair chun ár scileanna praiticiúla a fhoghlaim agus a fhorbairt ionas go mbeidh rud éigin ann i ndáiríre a oireann do riachtanais foghlama gach duine. Cuirfear teagascóir acadúil pearsanta ar fáil do gach duine, ar féidir teagmháil a dhéanamh leis/léi faoi aon trioblóidí a d'fhéadfadh a bheith ann. Bíonn cruinnithe rialta duine le duine leis an teagascóir freisin. Tá ár dteagascóirí go léir ann le tacaíocht a thabhairt agus ní theastaíonn ach ríomhphost a chur chucu aon uair a bheidh a gcomhairle de dhíth.

Lauren Connolly, BSc Mac léinn Eolaíocht Sláinte Béil

content

Tuilleadh deiseanna á dtairiscint don earnáil ghnó

Is féidir le OGE cabhrú leis an earnáil ghnó leas a bhaint as smaointe nua, fiontair nua agus deiseanna nua chun teacht slán ó thionchar eacnamaíoch COVID-19.

Tá muid níos leithne ná coláiste agus níos fairsinge ná ollscoil, agus cuirimid réimse níos leithne roghanna ar fáil ná mar is féidir le haon choláiste nó ollscoil amháin a dhéanamh.

Is féidir le OGE cabhrú le do chuid fostaithe oiliúint bhreise, athoiliúint, oiliúint chreidiúnúcháin a dhéanamh, deiseanna printíseachta a fháil nó a gcuid líonraí gairmiúla a leathnú.

Trí bhíthinn ár gclár oibre taighde - áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta - Is féidir linn deiseanna a sholáthar chun do ghnó a leathnú nó a fheabhsú, trí bheith ag obair in éineacht le hacadóirí atá chun tosaigh ina gcuid réimsí léinn.

whisky casks
content