In the continuing collaboration through CIALL with Irish partners on Stòras Beò nan Gàidheal/Taisce Bheo na nGael we’re delighted to host two more recordings (Parts 3 and 4) of Jimí Chearra and Pádraig Chearra, in addition to those already posted. It’s a project which records the natural speech of Irish and Scottish Gaelic speakers in their own communities with user-friendly equipment and techniques. In an additional challenge for Scottish Gaelic speakers, the descriptions below are offered in Irish! (Clilstore transcriptions are also available via the above link.)
Part 3: Bainfidh na scéilíní grinn sa mír seo ag Jimí Chearra agus a mhac Pádraig gáirí amach: filleadh gan brabach ó Bhroomielaw na hAlban; ”gur olc an greim é greim baba” (ón Eachréidh); ”go n athródh Dia nó an deabhal” an aimsir (ón Eachréidh); postmortem ar asal na dtincéaraí; ”minic a bhí páidrín fada ag rógaire maith”; ionadh an Árainnigh a chonaic rothar; béadán Gaeilge ag seanmhná; tuthógaí go ”tuffin”’ an Bhéarla éigeantaigh; kick out a bhris clog sa scoil; ”Dismiss the case” an asail óig gan mhúnadh; telegram barrúil sreang-Bhéarla agus an posta gallda. Trácht freisin ar aontaí; ar shearrach á chloisteáil beo sula rugadh marbh é; athrúintí sa saol, borradh faoin mBéarla san áireamh.
Part 4: Scéalta áitiúla, an greann agus an ghruaim, sa mír seo ag Jimí Chearra agus a mhac Pádraig. Chaill bean a folt breá gruaige de bharr masla a chaith sí le fear siúil. Tháinig díleámh ar na Blácaigh, tiarnaí talúna, tar éis mhallacht an tsagairt i litir na n iomad clúdach. Cur síos fileata agus greannmhar ar asal, agus ar chaora strae a bhí ag Marcas Ó Céide. Rannscéal faoi phóitire a chuir luach bainbh faoin muineál i dteach an óil agus a d’éirigh as ansin. Seanchas eile ar an ól agus ar éagóir a rinneadh ar Pheadar Chois Fharraige, údar an leabhair Peadar Chois Fhairrge a chuir Seán Mac Giollarnáth, aturnae, giúistís agus athbheochantóir, in eagar. Diarmaidín Thomáis Thaidhg a dúirt gurbh é an milleán is mó a bhí ar an mBéarla aige nár airigh sé ariamh ach ag chuile bhacach é! Plé ar an Marainn Phádraig. Ag cuir láí go Beaty.
