Taisce bheo na nGael
Taisce Bheo na nGael/Stòras Beò nan Gàidheal
Tionscadal píolótach a dhíríonn ar shamplaí cuí eiseamláireacha den chaoi a labhraítear an Ghaeilge agus a’ Ghàidhlig i bpobail Ghaelacha in Albain agus in Éirinn atá sa Taisce Ghaelach. Baintear leas as uirlisí soláimhsithe cláraithe agus teicnící furasta chun an t-ábhar a chruinniú.
Is é aidhm an tionscadail seo próiseas a bhunú chun ábhar luachmhar cultúrtha a bhailiú ar bhealaí a mbeidh pobail éagsúla Ghaelacha páirteach ina thaifeadhadh. Meastar go saibhreoidh an comhoibriú leanúnach idir pobail agus lucht acadúil, agus idir Albain agus Éirinn, acmhainní cultúrtha na dteangacha Gaelacha. Cuirfidh an t-ábhar seo agus an comhoibriú a bhaineann lena thaifeadadh le hiarrachtaí na pleanála teanga i measc na bpobal a chruthaíonn na samplaí luachmhara den chaint nádúrtha. Beidh an chomhpháirtíocht seo le pobail chomhairseartha, agus cleachtadh na teicneolaíochta nua oiriúnach chun ábhar a thaifeadadh, ina dtreoir agus ina n-acmhainní amach anseo ina measc siúd a chuireann spéis san oidhreacht Ghaelach. Tá riachtanas ar leith leis na cleachtais teicniúla an tionscadail seo de bharr na tábhachta a bhaineann leis an ábhar cláraithe seo a chaomhnú do na glúinte atá ag teacht.
Tá fáil ar shamplaí na hAlban cheana féin. Is féidir leat teacht orthu ar Clilstore trí na naisc thíos. I ngach mír Clilstore gheofar físeán iomlán ar líne (ar YouTube), mar aon le trascríbhinn focal-nasctha, agus tuairisc achomair (faoi “Unit Info”).
Speakers from Benbecula |
Eairdsidh Caimbeul |
Ailig Mac a' Phì (1) |
Ailig Mac a' Phì (2) |
Màiri Robasdan (1) |
Màiri Robasdan (2) |
Seonag Smith (1) |
Seonag Smith (2) |
Seonag Smith (3) |
Faigheann an tionscadal seo tacaíocht ó Bhord na Gàidhlig agus Foras na Gaeilge.
Speakers from Lewis |
Pàdruig Moireach |
Iain Greumach (1) |
Iain Greumach (2) |
Seònaid Mhoireach (1) |
Seònaid Mhoireach (2) |
Christine Primrose (1) |
Christine Primrose (2) |